An Óige

Cé go bhfuil trí eagraíocht náisiúnta don aos óg ann - Ógras, Cumann na bhFiann agus Feachtas, agus togha na hoibre á dhéanamh acu níl go leor acmhainní acu freastal cuimsitheach a dhéanamh ar an ngreasán fairsing scoileanna lán–Ghaeilge agus Gaeltachta atá sa tír idir thuaidh agus theas. Tá, idir bhunscoileanna agus scoileanna dara leibhéal, Gaeltacht agus Galltacht, 336 scoil lánGhaeilge sa tír ar fad agus tuairim is 55,000 dalta ag freastal orthu. Tá 207 scoil suite lasmuigh den Ghaeltacht agus 38,000 dalta ag freastal ar na scoileanna sin, agus is cainteoirí dúchais Béarla 98% díobh.

De bharr nach bhfuil sé ar chumas na seirbhísí óige thuas freastal a dhéanmh ar dhaltai na scoileanna sin, tá bearna ann maidir leis na deiseanna a bhíonn ag na daltaí cleachtadh a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge lasmuigh den scoil ar bhonn rialta, agus dá bharr sin bíonn sóisealú á dhéanamh acu lena chéile tri Bhéarla- a dteanga dhúchais.Tá sé sin nádúrtha ach chun go mbeadh deis acu a gcuid Gaeilge a úsáid lasmuigh den scoil bheadh struchtúir fheiliúnacha don óige riachtanach, struchtúir ina nglacfaí leis gur i nGaeilge a dhéanfaí imeachtaí an struchtúir.

Bheadh suim ag an bhFondúireacht plé a dhéanamh le grúpaí ar spéis leo tabhairt faoi struchtúir nua chun freastal ar na scoileanna sin sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht féachaint ar féidir scéim nuálaíoch a chur le chéile.

 

Téigh ar ais go Tionscadal

Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh

An Óige

Cultúrlanna Gaeilge

Scéimeanna Tithíochta

Oideachas Tríú Leibhéal

 

Má tá grúpa nó meitheal agat a bhfuil spéis acu tionscadal faoin Óige a chur ar bun déan teagmháil linn.

Tá Fondúireacht na Gaeilge Teo ag brath ortsa chun difriocht a dhéanamh.

Tabhair Tabhartais
Haghaidh Ordú Seasta