Tionscadail

Tá cúig phríomhréimse oibre roghnaithe againn le tacaíocht a thabhairt lena bhforbairt. Creidimid go mbeidh ról lárnach acu i láidriú na Gaeilge sa todhchaí:

  1. Gréasán d’Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh ina mbeidh naíolanna, naíonraí, clubanna iarscoile agus ranganna Gaeilge do thuismitheoirí a dteastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge a bhunú.
  2. Tacaíocht a thabhairt do na hÓgeagraíochtaí Gaeilge chun gníomhaíochtaí a fhorbairt bunaithe ar an ngréasán de scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta atá ann
  3. Oideachas tríú-leibhéal i gcomhthéacs nuálaíochta agus fhorbairt na Gaeilge mar ionstraim nua-aimseartha chumarsáide a chruthú.
  4. Bunú ionaid chultúrtha Ghaeilge sna cathracha móra
  5. Scéimeanna tithíochta sa Ghaeltacht agus lasmuigh di

Tá tionscadal amháin idir lámha anois- Lárionad Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge ach chuirfimis fáilte roimh ghrúpaí eile a mbeadh spéis acu tionscadail a bhunu a luífeadh isteach le aidhmeanna agus le fealsúnacht na Fondúireachta teacht chugainn agus a dtionscada(i)l a phlé linn.

 

Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh

An Óige

Cultúrlanna Gaeilge

Scéimeanna Tithíochta

Oideachas Tríú Leibhéal

 

Má tá grúpa nó meitheal agat a bhfuil spéis acu Ionad Tacaíochta Teaghlaigh a bhunú déan teagmháil linn.

Tá Fondúireacht na Gaeilge Teo ag brath ortsa chun difriocht a dhéanamh.

Tabhair Tabhartais
Haghaidh Ordú Seasta