Ionaid Tacaiochta Teaghlaigh

Tá an réimse seo riachtanach do thodhchai na Gaeilge, sa Ghaeltacht ach go háirithe. Chuirfeadh na hIonaid seo seirbhísí tacaíochta ar fáil do theaghlaigh a dteastíonn uathu a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge nó do theaghlaigh nach labhraíonn an Ghaeilge go hiondúil sa bhaile ach a thuigeann an tábhacht a bhaineann leis an tréimse is luaithe i saol an linbh i bhforbairt scileanna teangeolaíochta agus a dteastíonn uathu go mbeadh caighdeán an chainteora dúchais acu ón tús.

Chun freastal ar na riachtanais seo, ba mhaith leis an bhFondúireacht Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh a fhorbairt agus chuirfeadh na hIonaid na seirbhísí seo a leanas ar fáil do theaghlaigh:

  • Seirbhís Naíolainne Gaeilge.
  • Seirbhís Naíonra.
  • Seirbhís cúram iarscoile.
  • Teacht le chéile do thuismitheoirí le páistí óga.
  • Seirbhís chomhairleach do lánúineacha nua atá ag smaoineamh ar a bpáistí a thógáil le Gaeilge.
  • Seirbhís chomhairleach agus tacaíochta teanga do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge nó ar mian leo teanga an teaghlaigh a iompú ó Bhéarla go Gaeilge. Cuimseoidh an tseirbhís seo cuairteanna baile ó chomhairleoirí teanga.
  • Ranganna Gaeilge do thuismitheoirí.
  • Teagmháil le heagraíochtaí eile sa cheantar agus sa réigiún a chuireann seirbhísí ar fáil do theaghlaigh agus do leanaí.
  • Teagmháil le grúpaí tuismitheoirí in áiteanna eile, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge nó le mionteanga eile.
  • Seirbhísí tacaíochta teaghlaigh eile ar a n-áirítear, mar shampla, seirbhísí ón mBord Sláinte agus cúrsaí do thuismitheoirí.

Ba chóir na tréithe seo a leanas a bheith ag gach ionad:

  • Go mbeadh an fhoireann lán cháilithe, foireann na Naíolainne agus an Naíonra ach go háirithe agus go mbeadh eolas agus tuiscint acu ar an tábhacht a bhaineann le luathoideachas an linbh
  • Go mbeadh sárchumas Gaeilge ag an bhfoireann
  • Go mbeadh an t-ionad féin feiliúnach agus fairsing chun na críche atá i gceist.
  • Go mbeadh sé lonnaithe i suíomh atá oiriúnach ó thaobh cúrsaí tráchta agus taistil agus go mbeadh spás páirceála dóthaineach mar chuid den suíomh.
  • Go gcuirfí riachtanais leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu san áireamh i ndearadh agus i leagan amach na n-áiseanna/seomraí a bheidh ann.
  • Go mbeadh áiseanna/seomraí san ionad atá deartha chun críche sainiúla, ar a n-áirítear forbairt scileanna ceardaíochta, ceoil agus ríomhaireachta.
  • Go mbeadh siad lonnaithe gar do sheirbhísí eile atá ar fáil trí Ghaeilge-scoileanna ach go háirithe.
  • Go mbeadh comhaontú ann leis na scoileanna sin go dtabharfaí aitheantas ar leith do leanai a bhfuil an teanga ar a dtoil acu ag teacht isteach chun na scoile dóibh

 

Téigh ar ais go Tionscadal

Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh

An Óige

Cultúrlanna Gaeilge

Scéimeanna Tithíochta

Oideachas Tríú Leibhéal

 

Má tá grúpa nó meitheal agat a bhfuil spéis acu Ionad Tacaíochta Teaghlaigh a bhunú déan teagmháil linn.

Tá Fondúireacht na Gaeilge Teo ag brath ortsa chun difriocht a dhéanamh.

Tabhair Tabhartais
Haghaidh Ordú Seasta