Fúinn

Tá Fondúireacht na Gaeilge ann chun airgead a bhailiú do thionscnaimh Gaeilge nach bhfuil maoiniú ar fáil acu on Stát nó nach bhfuil ach páirtmhaoinithe ag an Stát.

Is é bunús an chur chuige atá againn:

  • Gurb é pobal na Gaeilge a chinnteoidh todhchaí don Ghaeilge.
  • Go nglacfaidh pobal na Gaeilge cúram na Gaeilge air féin,
  • Go gcuirfear tionscnaimh nua phobail agus oideachais ar bun le
  • Go mbeidh pobail bhuana ann ina mbeidh an Ghaeilge mar theanga chumarsáide agus dhúchais agus trí sin
  • Inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail a chinntiú

Tá cúig phríomhréimse oibre roghnaithe againn le tacaíocht a thabhairt lena bhforbairt. Creidimid go mbeidh ról lárnach acu i láidriú na Gaeilge sa todhchaí:

  • Gréasán d’Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh ina mbeidh naíolanna, naíonraí, clubanna iarscoile agus ranganna Gaeilge do thuismitheoirí a dteastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge a bhunú
  • Tacaíocht a thabhairt do na hÓgeagraíochtaí Gaeilge chun gníomhaíochtaí a fhorbairt bunaithe ar an ngréasán de scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta atá ann
  • Oideachas tríú-leibhéal i gcomhthéacs nuálaíochta agus fhorbairt na Gaeilge mar ionstraim nua-aimseartha chumarsáide a chruthú
  • Bunú ionaid chultúrtha Ghaeilge sna cathracha móra
  • Scéimeanna tithíochta sa Ghaeltacht agus lasmuigh di

Tá dhá ghné ag baint leis an gcur chuige seo:

  • Ceangal a dhéanamh leis na hinstitiúidí reatha Gaeilge ar nós na naionraí, scoileanna, ógeagrais chun breis-luach a chothú do chainteoiri Gaeilge, is é sin deiseanna breise a chur ar fáil do chainteoirí agus do fhoghlaimeoirí Gaeilge an teanga a úsáid agus dá bharr sin í a neartú trí ghréasáin a thógáil ina ndéanfar sóisialú tri Ghaeilge.
  • Tógáil ar an dinimic sin chun pobail nua fhisiciúla inmharthana Gaeilge a bhunú sa Ghaeltacht agus lasmuigh di..

Chun go mbeidh ar ár gcumas é seo a dhéanamh tá maoiniú neamhspleách riachtanach

Tá an Fhondúireacht i mbun feachtais náisiúnta agus idirnáisiúnta chun maoiniú a lorg:

  • Ó fhoinsí príobháideacha in Éirinn agus thar lear
  • Ó chomhlachtaí gnó
  • Ó Fhondúireachtaí Idirnáisiúnta, agus
  • Ó phobail na Gaeilge féin

Bi linn san obair cheannródaíoch seo!

Tá Fondúireacht na Gaeilge Teo ag brath ortsa chun difriocht a dhéanamh.

Tabhair Tabhartais
Haghaidh Ordú Seasta